Muine Bheag Arts Radio

Is ardán trialach craolacháin é Raidió Ealaíon Mhuine Bheag a bunaíodh faoi choimirce Mhuine Bheag Arts, eagraíocht atá faoi stiúir ealaíontóirí. Beifear ag cloí le sainmheon DIY an raidió áitiúil agus féachfar le spás a chruthú do chomhrá, do chaidreamh agus do thaiscéalaíocht trí mheán fuaime.
Ó bhothán i gContae Cheatharlach, craolfar chun an domhain mhóir cadráil le healaíontóirí agus le comhoibrithe, chomh maith le taibhléirithe beo agus clos- saothair.







